Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. Galway
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 130

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 130

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 130
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Nuair a bhí Concubhar Rí Uladh in a fhear óg chuaidh sé féin agus a shluagh amach ag fiadhach lá. Bhí draoi i ngar don áit agus bhí fhios aige go raibh siad amuigh...

    Nuair abhí Concubhar rí uladh in a fhear óg chuaidh sé féin agus a shluagh amach ag fiadhach lá. Bhí draoí i ngar dhon áit agus bhí fhios aige go raibh siad amuigh agus tharraing sé ceo trom ortha agus chuir sé amúdha an rí ar an gcuid eile.
    Bhí an rí ag imtheact agus ní raibh fhios aige cá raibh sé ag dhul, ac sa deire tháinic sé go dtí geata theach an draoí.
    Chuaidh an draoí amach roimhe agus chuir sé na mílte fáilte roimhe agus d'fiafruigh sé dhó céard a chas annsin é. D'innis an rí dhó cén chaoí a dtáinic an ceo air agus chuile shórt. Agus ar ndóigh bhí fhios ag an draoí go maith céard a thárla dhó mar is é féin a chuir an ceo air.
    "Teannam uait isteach go dtí an teach" adeir an draoí "no go mbéidh dinnéar againn" Chuaidh an bheirt isteach agus bhí an dinnéar i ngar a bheith réidh nuair a tháinic siad isteach. Agus nuair abhí sé réidh shuidheadar ag an mbord ghá ithe
    Chomh luath agus a rug an rí ar a' bhforc chuir an páiste sgread as i mbruinn a mháthar.
    D'eirigh an rí agus dubhairt sé n-íosfadh sé agus nac n-ólfadh sé aon nídh no go mbeadh fhios aige cén fáth an sgread a chuir an páiste as
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal an Daingin, Co. Galway