Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 052

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 052

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 052
  3. XML “Amhrán na bhFataí Dubha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán na bhFataí Dubha
    Míle slán leis na bhfataí bána
    Ba suagh an áit a bheith in aice leo
    Ba fáltach sruadhach iad ag teach an láthair
    Iad ag gáire linn ag ceann an bhuird.
    Ba chabhair don malrach iad
    don gár is don gárlach
    Don lag is don láidir
    Don óg is don chríonn
    Ach fáth mo dhochair
    Gur lobh na fataí gan sioc gan síon
    Sé mo dhiabhal deacrach is mo ghalra dubh chroidhe
    Ná fataí dúbhchain ins gach ceárd don domhan
    Go bhfuil an gas críona searacuighthe
    Ón gcéad lá Lughnasa gan blas ná snuagh ortha
    Ach mar a bheadh faoi Shamhain
    Nach é seo an sgéal dubh chrooidhe ag teacht don fhóghmhar
    Brón dúinn is briseadh croidhe
    An bheatha a chleacht muid i dtús a' n-óige
    Bheadh lobhtha deortha gan mhaith gan bhrígh
    Ba iad ár ngarda iad ó am ár gcliabhán
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe