Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 046

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 046

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 046
  3. XML “Amhrán an Dole”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán an Dole

    A cháirde dhílis bh mhaith liom míniú

    A cháirde dhílis ba mhaith liom míniú
    An t-athrú iongantach a tháinic ar an saoghal
    Mar gheall ar dhligh a chuireadh i gcríoch
    Sa mbliadhain naoí gcéad ceathar is tríocha
    Tá beagán airgid le fághail ag daoine
    Gan ceo le déanamh ar a shon go bráthach
    Ach páipéar dearg a thabhairt ag an bpeeler
    Le t-ainm a shaghnáil air i gcóir an Mháirt
    Nac mór an congamh d'foirnn tíghthe
    Nac bhfuil blas le déanamh ó chuaidh an cheilp le fán'
    Bheith a' súil le airgead aníos ó Ghaillimh
    Gach tráthnóna Satharn nuair a thiocfas George
    Níl fear in Éirinn más é a phléisiúr
    Nac ngléasfadh béile chómh maith le Rígh
    Mairt fheoil éasga leagtha in éadan
    Seachas salann is fataí mar bhí le linn Sheáin Buidhe
    Ba mhór an cháil a bhí ar Phencilváner
    Nuair abhí an t-ór le fágháil
    Ach ní tada an méid sin is é a chur le chéile
    Le h-ais Iarthar Éireann anois faoí' lár (láthair)
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe