Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 024

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 024

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 024
  3. XML “Máire Seoige - Maria Góise”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Dhá mbéinn-se in Árainn Mhór
    'S mo bhád mór bheith faoi lucht agam
    Thorrálfhainn an ród ach Máire Seoige
    Bheith ar an teile agam
    Curfá Sóra mhóra mhóra 'sa Mháire
    Seoige dtiocfá abhaile liom.
    Grádh mo chroidhe mo stóirín
    'Sí nach ndéarfadh tada liom
    'Sí chuirfeadh na fataí móra
    I dtaisce ar leic a teallaigh dhom
    Sóra.....
    Dhá bhfeicfeá Máire Seoige
    Ag imtheacht ins na garrdhanntaí
    Is an gíosgán bhí in a bróga
    Go ndúiseóchadh sé na feadógaí
    Sóra.....
    Dhá bhfeicfeá Máire Seoige
    Dul suas sráid an mhargaidh
    Is gan falach ar a bráid
    Ach cóta mór an charraora.
    Sóra.....
    Seoige Uachtair Ard, Súileabhán an Ghleann' 'muigh
    Clann Dhonnchada bhí láidir
    'Siad a thug an bhean ón gcladach leo
    Sóra.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Parthalán Ó Ceallaigh
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    An Tuairín Mín, Co. na Gaillimhe