Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 150

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 150

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 150
  3. XML (gan teideal)
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Seacht bpaidreacha fá seacht, Chuir Muire dá mac...

    Chuir Muire dá Mac
    Chuir Brighid faoi'n a brat
    Chuir Micheál faoi'n a sgiath
    Chuir Dia ar Neamh
    Idir sinn agus bás Píc'
    Idir sinn agus gaoithe na gcnoc
    Idir sinn agus Náire Shaoghalta
    Idir sinn agus súil chruadh Na Ndaoine
    Idir sinn agus Cathughadh an ádhbháiseóra
    Idir sinn agus gach olc
    'Amén a Thighearna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. (gan teideal)

    Ofráilimuid suas an Páidrín seo in onoir agus in impidhe Dé...

    Ofráilimíd suas an paidrín seo in onóir agus in impídhe Dé agus Na Maighdine Beannuighthe ag iarraidh luaidheacht an Pháidrín seo ag iarraidh buadh agus treis ar ár námhaid anam agus corp. Le h-anam ár n-aithreacha agus ár máithreacha ár ndeirbhshiúireacha agus ár ndearbhrátharacha ár n-uncalacha agus ár n-ainteacha ár gcolceatharacha agus ár gcol-cúigearacha agus ár gcáirde gaoil go h-iomlán. Le mar a chíonn Dia Fuigheall Faoistean smál peacaidh Faillighe Aifrinn lae saoire ná Domhnaigh, gealltanas saoghalta ar bith nár fhéad siad féin a Chómh Líonadh, Dia móire méadú ar a nGlóire laghdú ar a bpianta a tabhairt aoibhneas síoraidhe agus sólás na Maighdine Glórmhara dár n-anam agus d'anamnacha mairbh Purgadóireacht an domhain go léir.
    Ámén a Thighearna
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. ealaín bhéil (~1,483)
        1. paidreacha (~3,266)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Áine Bean Pheadair Uí Cheallaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    An Tuairín Mín, Co. na Gaillimhe