Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 114

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 114

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 114
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí bean ann fadó agus ní raibh sa teach aici ach í féin agus a mac. Bhí sí ann bhoct agus ní bhíodh tada le díol aice ac líon.

    Bhí bean ann fadó agus ní raibh sa teach aice ach í féin agus a mac. Bhí sí ann bhoct agus ní bhíodh tada le díol aice ac líon.
    Theigheadh sí isteach go dtí an baile mór uair sa t-seactmhain agus gac a mbíodh a' teastáil de rudaí uaithe thugadh sí léithe iad.
    Aon lá amháin dubhairt an mac go racadh sé in éindigh léithe agus chuaidh Bhí sé ag breathnú ar an bhfear ag tomhais an lín agus de réir mar bhíodh meádhchan sa líon gheobhadh an bhean luach air
    Dubhairt an mac leis féin nuair a thiocfadh sé aríst go dtiubharfadh sé líon leis agus go mbeadh meádhchan mór ann.
    An chéad t-seactmhain eile nuair a theastuigh uatha a dhul isteach bhí an mháthair go dona agus dubhairt an mac go racadh sé féin ag an mbaile mór leis an líon agus thug sé an líon ar a dhruim leis Nuair abhí sé píosa maith ó theach fhear a' t-siopa casadh tráigh ghainimh air agus chuir sé an gaineamh thríd an líon.
    Nuair a mheádh fear a' t-siopa an líon bhí meádhchan mór ann. Dubhairt fear a t-siopa gur bé an líon is truime a mheádh sé le fada agus thug sé go leor airgid don bhuachaill air. D'imthigh an mac abhaile agus thug sé an t-airgead ghá mháthair. Nuair a chuaidh fear a'
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT1535: The Rich and the Poor Peasant
    AT1539: Cleverness and Gullibility
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Máire Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe