Scoil: An Tuairín (uimhir rolla 13415)

Suíomh:
Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Séamus Ó Tomhnra
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 132

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0070, Leathanach 132

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Tuairín
  2. XML Leathanach 132
  3. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Bhí Rí ann fadó agus bhí aon mhac amháin aige agus bhí an mac ann aerach agus níor mhaith leis an Rí é sin...

    Bhí Rí ann fadó agus bhí aon mhac amháin aige agus bhí an mac ann aerach agus níor mhaith leis an Rí é sin agus chuaidh sé lá go dtí sean fhear glic agus d'fiafruigh sé dhó céard a bfeárr dhó a dhéanamh leis. Dubhairt an sean fhear glic leis é a chur isteach idteach ar oileán agus gan aon duine eile a bheith ann ach é féin agus an searbhóghanta a bheith aige.
    Tháinic an Rí abhaile agus thug sé leis an mac agus duine de na shearbhóghantaí agus d'fága sé istigh ar oileán iad agus d'fága sé neart beatha aca.
    Bhí siad istigh annsin agus bhí agus bhí [!] saoghal maith aca ann.
    Buaileadh an doras oidhche agus dubhairt mac an Rí nac bhféadfadh sé é a leigint isteach mar go raibh glas ar an doras agus nac bhféadfadh sé é abhaint dhó
    "Ó má's maith leat mé abheith istigh" adeir an té a bhuail an doras tiocfaidh mé isteach gan an doras a osgailt cor ar bith. Nuair a bhí siad sgathamh ag caint le chéile chuaidh siad ag imirt cártaí agus d'imir mac an Rí.
    "Tabhair do bhreith anois" adeir an fear eile "Bhfuil fhios agat an pháirc atá amach ar aghaidh teach m'athar?" "Tá fhios" adeir sé "Bíodh an pháirc sin lán le na caora is breághtha agus is deise a chonnaic aon duine ariamh"
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Séamus Ó Tomhnra
    Inscne
    Fireann
    Gairm bheatha
    Múinteoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Faisnéiseoir
    Seán Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Béal an Daingin, Co. na Gaillimhe