School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. Galway
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 115
- XML “Beatha na nDaoine Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)ar bhéilidhe sa ló. Sé'n sórt beatha a bhí acu arán eornan agus arán seagail. Théighidís amach sa ngarraidhe agus bhaineadh siad stoca coirche. Tugaidís go dtí leac é agus dóighidís é. Nuair a bhíodh an tuighe dóighthe bhíodh na gráineóchaí fágtha agus bhiodh siad an-chruaidh.
D'fhágaidís bró annsin agus mheilidís an coirce agus nuair a bhíodh sé meilte aca dhéanaidís cácaí dhe. Nuair a bhíodh deifir ortha sé'n chaoi a mbruithfeadh siad an cáca faoi'n luaith. Tá áit i Leitir Mór na Coille agus tugtar air leac an tSrutháin mhóir, áit a bhiodh acu fadó ag dóigheach agus ag meilt an choirce.
Uaireannta dhéineadh siad bactstaoi. D'fhágaidís glach fhátaí agus bhaineadh siad an croiceann díobh agus annsin scríobaidís beag iad agus is as sin a dheineadh siad an bactstaoi. Ba [?b]eatha an-[s?]holláin é sin agus bhíodh an-tóir acu air. Dheanaidís é le fatai a bhíodh sgríopaighthe ar bhosca a gcuiridís puill le táirgne ann. Chuimlidís an fata dhó sin agus bhíodh sé ag(continues on next page)- Informant
- Seán Breahnach
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Leitir Móir, Co. Galway