Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. Galway
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 116
- XML “Beatha na nDaoine Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)tuitim anuas sa soitheach a bheadh faoi agus d'fháisgidís annsin in éadach glan é agus bhíodh béilí acu an uair a bheadh sé bruithte.
Bhí daoine luath láidir sgufánta ann fadó. Seárd a bhí ghá dhéanamh sin ná an bheatha. Bhíodh go leór daoine ann an t-am sin mar ní raibh siad ag cur deireadh len a saoghal le rudaí deasa mílse mar atá siad anois.
Ní dhéanaidís acht bruithneóga a chaitheamh síos sa teine nuair a thigeadh siad isteach as an ngarrdha. Iad sin a ithe agus bualadh amach ag déanamh a gcuid oibre. A theacht isteach nuair a bheadh sé 'na oidhche agus má's bó nó cúpla bó a bheadh acu a réidhteach.
B'fhéidir gur píosa do cháicín bruithte ar tlú agus iad buidheach beannachtach faoi'n méid sin fhéin a bheith acu. Bhíodh siad ag cárdáil agus ag sníomhadh a gcuid bréidín.
Is iomdha cineál béile a bhiodh ag daoine fadó nach mbíonn againne anois. Comh maith le bactstaoi bhiodh min-bhuidhe agus min-choirce agus cineálacha eile(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Breahnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. Galway