School: Camus (roll number 11290)
- Location:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Pádraig S. Ó Conchobhair
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Camus
- XML Page 117
- XML “Beatha na nDaoine Fadó”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)a d'fhágadh siad san bhfairrge. Bheadh bactstaoi acu ar maidin agus san oidhche ag dul a chodladh dhóibh. Bhíodh leite min-bhuidhe nó min-choirce acu ar a ndinnéar. An duine a mbeadh a dhóthain min-bhuidhe aige an uair sin déarfaidhe go mbeadh sé comh saidhbhir is atá daoine a bhfuil na céadta punt acu anois.
Bhíodh plúr dubh acu fadó. Bhí sé chomh láidir sin is nach bhféidir aon nduine a ithe dhe acht cúpla greim. Bhíodh biadh fairrge acu freisin agus bhíoch muinntir na sléibhte ag teacht go dtí an fhairrge ag iarraidh bidh.
Bhíodh siad ag baint go leór bidh sa bhfairrge, báirnigh, diúlacáin, faochain, ruacain, cuachmaí, muiríní, oistrí, chuasíní, sgeanna mario, breallachaí, glomaigh, portáin, carraigín, creathnach, díolusg, cáilí agus fliucháin.
Bhaineadh na daoine fuil as beithidhigh fadó agus bhruitheadh siad an fhuil agus an min-choirce le chéile agus d'íosaidís é.
Bhíodh an-chuimse fátaí acu freisin.(continues on next page)- Informant
- Seán Breahnach
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Address
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe