Scoil: Camus (uimhir rolla 11290)
- Suíomh:
- Camas, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Pádraig S. Ó Conchobhair
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Camus
- XML Leathanach 115
- XML “Beatha na nDaoine Fadó”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)ar bhéilidhe sa ló. Sé'n sórt beatha a bhí acu arán eornan agus arán seagail. Théighidís amach sa ngarraidhe agus bhaineadh siad stoca coirche. Tugaidís go dtí leac é agus dóighidís é. Nuair a bhíodh an tuighe dóighthe bhíodh na gráineóchaí fágtha agus bhiodh siad an-chruaidh.
D'fhágaidís bró annsin agus mheilidís an coirce agus nuair a bhíodh sé meilte aca dhéanaidís cácaí dhe. Nuair a bhíodh deifir ortha sé'n chaoi a mbruithfeadh siad an cáca faoi'n luaith. Tá áit i Leitir Mór na Coille agus tugtar air leac an tSrutháin mhóir, áit a bhiodh acu fadó ag dóigheach agus ag meilt an choirce.
Uaireannta dhéineadh siad bactstaoi. D'fhágaidís glach fhátaí agus bhaineadh siad an croiceann díobh agus annsin scríobaidís beag iad agus is as sin a dheineadh siad an bactstaoi. Ba [?b]eatha an-[s?]holláin é sin agus bhíodh an-tóir acu air. Dheanaidís é le fatai a bhíodh sgríopaighthe ar bhosca a gcuiridís puill le táirgne ann. Chuimlidís an fata dhó sin agus bhíodh sé ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Seán Breahnach
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Seoladh
- Leitir Móir, Co. na Gaillimhe