School: Cloigeann

Location:
Cleggan, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Fathaigh

Filter stories

Back
/ 335 Forward
Resolution: Low | High
Cloigeann | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 303

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

a chodladh. Nuair dhúisigh sé ar maidin chuaidh sé go dtí an cladach; agus céard a chonnaic sé ann acht an chloch a chaith sé sa bhfairrge. Tá an cloch sin san áit céadna in aice an chladaigh go fóill.

Nuair a cuireadh na péin-dlighthe i bhfeidhim i gcoinnibh na gCaitiliceach i rith na bliana 1697-1746, 'sé cuspóir a bhí aca na Gaedheil a bhí ina gCaitiliceach fágaint gan oideachas. Níor ceaduigheadh aon scoil Caitiliceach i nÉirinn agus dob éigean iad a fágaint oitir nó a chur go scoil Protastúnach. Do cuireadh scoileanna Protastúnacha ar bun ar fuaid na tíre go léir. Ins an am sin a bhí na scoileanna cois-chlaidhe ann. Do bhí scoileanna Protastúnacha ar bun timcheall na háite seo ar a tugtar scoileanna scairte ortha. Do bhí ceann aca i n-Imloch, ceann i mBaile Nua, ceann i nOileán Iomaidh, ceann i mBárr na hAille, ceann i mBaile Srutháin agus ceann eile fós i mBaile Can Ríog. Tá duine darbh ainm Micheál Ó Murchada agus a chlann ina gcomhnaidhe ins an ceann a bhí in Imloch; tá an cuid is mó de'n ceann a bhí i mBaile Nua ann go fóill agus tá daoine ag cur feabhas ar an ceann i mBárr na

(continues on next page)
Collector
Íde Ní Thuathail
Gender
female
Address
Moorneen, Co. Galway
Informant
Brighid Bean Uí Clochartaigh
Gender
female
Address
Moorneen, Co. Galway
Language
Irish