Scoil: Cloigeann

Suíomh:
An Cloigeann, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seán Ó Fathaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 303

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0004, Leathanach 303

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Cloigeann
  2. XML Leathanach 303
  3. XML “Cloch Dhraíochta”
  4. XML “Seanscoileanna”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    a chodladh. Nuair dhúisigh sé ar maidin chuaidh sé go dtí an cladach; agus céard a chonnaic sé ann acht an chloch a chaith sé sa bhfairrge. Tá an cloch sin san áit céadna in aice an chladaigh go fóill.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Nuair a cuireadh na péin-dlighthe i bhfeidhim i gcoinnibh na gCaitiliceach i rith na bliana 1697-1746, 'sé cuspóir a bhí aca na Gaedheil a bhí ina gCaitiliceach fágaint gan oideachas. Níor ceaduigheadh aon scoil Caitiliceach i nÉirinn agus dob éigean iad a fágaint oitir nó a chur go scoil Protastúnach. Do cuireadh scoileanna Protastúnacha ar bun ar fuaid na tíre go léir. Ins an am sin a bhí na scoileanna cois-chlaidhe ann. Do bhí scoileanna Protastúnacha ar bun timcheall na háite seo ar a tugtar scoileanna scairte ortha. Do bhí ceann aca i n-Imloch, ceann i mBaile Nua, ceann i nOileán Iomaidh, ceann i mBárr na hAille, ceann i mBaile Srutháin agus ceann eile fós i mBaile Can Ríog. Tá duine darbh ainm Micheál Ó Murchada agus a chlann ina gcomhnaidhe ins an ceann a bhí in Imloch; tá an cuid is mó de'n ceann a bhí i mBaile Nua ann go fóill agus tá daoine ag cur feabhas ar an ceann i mBárr na
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. foirgnimh
          1. scoileanna (~4,094)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Íde Ní Thuathail
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Muirnín, Co. na Gaillimhe
    Faisnéiseoir
    Brighid Bean Uí Clochartaigh
    Inscne
    Baineann
    Seoladh
    Muirnín, Co. na Gaillimhe