School: Cloigeann

Location:
Cleggan, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Fathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 295

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 295

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cloigeann
  2. XML Page 295
  3. XML “Cistí Óir i bhFolach”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Ciste Óir i bhfolach
    Tá páirc in aice Ros a' Dilisg, agus tá an t-ainm seo uirtí "clóchaí clorra". Tá ciste óir i bhfolach sa pháirc seo agus tá sé ann ón aimsir a bhí na tighearnaigh talmhan in Éirinn. Fuair Micheál Ó h-Allmhúráin agus Micheál Ó Tuathail an ciste. Seo an scéal im dhiaidh faoi.
    Bhí nós ag na tighearnaighibh - aon rud a gheobhadh na Gaedhil d'órduigheadh siad an rud sin a thabhairt dóibh féin. Ní dhéanadh na daoine é sin, agus ba dháltha an scéil ag an beirt thuas é. Chuir siad i bhfolach é, mar cheap siad nuair d'imtheochadh na tighearnaigh as an áit do gheobhfadh siad féin an ciste. Tamall in a dhiaidh sin do troideadh cath agus do marbhuigheadh na daoine a chuir an ciste i bhfolach sa talamh. Ní raibh fhios ag duine ná deóraidhe cá raibh an ciste annsin. Deireann na sean-daoine go bhfuil na sidheóga ag tabhairt aire dhó, go dtí go siubhailidh duine d'fhuil na ndaoine a chuir ann é, treasna na páirce, agus gheobhfaidh an duine seo an méid atá i dtaisce sa pháirc.
    Bhí cailín ag déanamh turais treasna na páirce uair amháin. Chonnaic sí rud áirighthe ag spréacharnaigh fé sholas na gréine. Nuair a tháinic sí comh fada leis an rud céard a bhí ann acht an ciste. Do scannruigheadh í agus
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. belief (~391)
        1. folk belief (~2,535)
          1. treasure legends (~7,411)
    Language
    Irish
    Collector
    Stiofán Ó Tuathail
    Gender
    Female
    Address
    Rossadillisk, Co. Galway
    Informant
    Micheál Ó Coingheáin
    Gender
    Male
    Age
    95
    Address
    Rossadillisk, Co. Galway