School: Cloigeann

Location:
Cleggan, Co. Galway
Teacher:
Seán Ó Fathaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 304

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0004, Page 304

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cloigeann
  2. XML Page 304
  3. XML “Seanscoileanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    hAille anois. Do bhí scoil i n-Imloch i dteach agus do chuaidh an múinteóir síos go Ros a Dilisg i dteach eile. Do bhí daoine ina gcomhnaidhe ins na tighthe sin. Do bhí scoil eile i gCluain agus do bhí ceann eile fós i nEachros.
    Do bhí fear darbh ainm Mac Gibbiún agus bean darbh ainm Miss Ball ag muineadh ins an scoil a bhí i n-Imloch. Stróinséirí a bhí ionnta. Do bhí Samuel Frayer ann ag tabhairt amach bhíd. Bhí siad ag iarraidh na Caitilicigh a mheallad chun scoile díobh agus thugaidís éadaighe agus biadh dóibh muna ghlachfadh na Caitilicigh iad. Duine ó'n gceanntar a bhí ann. Do bhí fear darbh ainm Millea agus fear eile darbh ainm Ó Conaill ag múineadh in an ceann a bhí sa mBaile Nua. Do bhí feár darbh ainm Booth agus fear agus a inghean darbh ainm Mc Cárthaigh ag múineadh ins an ceann a bhí i mBárr na hAille. Fear darbh ainm Crusheen a bhí ag múineadh ins an ceann a bhí i nOileán Iomaidh. Dia Domnaigh dá raibh é féin agus daoine eile ag teacht amach as Iomaidh ag dul go a dteampaill a bhí sa Selerna in aice le teach an tsagairt anois do casad na Caitilicigh a bhí ag dul ar aifreann ortha. Do bhí beirt phóiliní ag teacht le Crusheen ag tabhairt aire dó. Do tosuigh troid eatortha agus bhí na phóiliní ag iarraidh iad a chur cun suaimhnis agus do mharbhúigeadh duine aca
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Íde Ní Thuathail
    Gender
    Female
    Address
    Moorneen, Co. Galway
    Informant
    Brighid Bean Uí Clochartaigh
    Gender
    Female
    Address
    Moorneen, Co. Galway