Scoil: Inistrághamhóir (uimhir rolla 15449)

Suíomh:
Inis Treabhair, Co. Galway
Múinteoirí:
Antoine Ó Loideáin Cláir P. Nic Gabhann
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 160

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0068, Leathanach 160

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Inistrághamhóir
  2. XML Leathanach 160
  3. XML “Cill Bhriocáin”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fuair an ceanntar a ainm ón Roilig atá le feiceal an go fóilleach. Suim bliadhanta ó shoin bhí fear ‘ar b-ainm Briocan ag deanamh sgiobóil ina gharraidhe féin. Bhí an balla agus na beanna déanta aige oidhche amháin. Nuáir a deirigh sé ar maidin bhí na beanna leagtha go talamh. Thóg sé athuair iad agus rinneadh an cleas céadhna leó. Thóg sé an triomhadh uáir iad agus leagadh arís iad.
    D’innis sé an sgéal don Sagart Paróisde, Sagart Rosmuc. Taréis tamaill shocruigh an Sagart Roilig a dhéanamh san áit. Tá ballaí an sgiobóil le feiceál san Roilig fós.
    Tá tobar ann agus deirtear go raibh naomh annsin agus Chill aige ann fadó an lá. Níl tada den Chill le feiceál anois agus níl fhios cén tainm a bhí ar an naomh. Cheaptar gur bé sin an fáth gur leagadh an sgioból a bhí dhá dhéánamh ag Briocán, lé ionad comhnuidhche an naoimh a chur iniúl. Dheantaí toruis go dtí an tobar ina diaidh sin ar feadh ibfad. Tá an nós imthighthe i leig anois. Creideann muintir na háite gur áit bheannuighthe atá ann.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. objects
      1. man-made structures
        1. historical and commemorative structures (~6,794)
    2. place-space-environment
      1. local lore, place-lore (~10,595)
    3. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Teanga
    Gaeilge
    Suíomh
    Cill Bhreacáin, Co. Galway
    Faisnéiseoir
    Seósamh Ó Curraidhín
    Inscne
    Fireann