School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 410
- XML “Ainmhithe Neamhshaolta”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- I n-uair an droch-shaoghal bhí piast mór i Loch Coirib agus bhí sé ag teacht suas go dtí an Reilig ag ithe na gcorp. Bhí clais mór déanta aige suas ó'n loch agus bhíodh sé ag deanamh torann mór ag teacht suas. Bhí faitchíos ar gach duine dul thar an reilig 'san oidhche. I n-Uachtarárd atá an reilig.Bhí fear i nGleann darbh ainm Réamonn Mac Donnchadha nó Réamonn na nÓrlaighe mar thugadh na daoine air. Fuair a mháthair bás agus ní raibh aon reilig ann le'n í a chur acht an reilig úd. Bhí trí mac aicí agus d'iarr an t-athair ortha a mháthair a chosaint. Ní dhéanfadh aoinne acu é acht Réamonn. Chuaidh sé go dtí an tighearna talamh agus d'iarr sé claidheamh air. Tugadh dó é.An chéad oidhche chuaidh sé go dtí an reilig agus sheas sé taobh istigh de'n geata a bhí i n-aice an locha. Taréis tamaill tháinig faitchíos mór air, annsin i measc na marbh. Cheap sé go raibh gach nóiméad chómh fada le uair. Nuair a bhuail an chlog a dó dhéag chuala sé an phiast ag teacht agus ba(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Informant
- Uaitéar Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Address
- Glann, Co. Galway