School: An Gleann (roll number 12407)

Location:
Farravaun, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 373

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 373

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 373
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Tá tobar beannuithe i n-aice an reilig atá ins an áit seo. Tá sé suidhte i gcoill beag, agus tobar Naomh Chaitbert a tugtar air.
    Deirtear go raibh droch fear ann uair, agus bhí sé ag iarriadh an tobar a dhúnadh le cloch. Dubhairt sé leis na fir a bhí ag obair leis an cloch a caitheadh síos an chnoic i dtreó an dtobair. Dubhairt siad leis nach ceart an cloch a cuir isteach sa tobar. Dubhairt sé "má tá cumhacht ag an dtobar anois ní rachadh sé isteach". Cuir sé an cloch síos an chnuic le fánaidh ach i n-ionaid dul isteach ins an dtobar chuaidh sé suas an cnuic le fáinnc. Bhí faitchíos mór ar an bhfear annsin mar bhí fhios aige gur míorbhail a bhí ann. Nuair a chuaidh sé abhaile an oidhche sin bhí an t-aon mhac amháin a bhí aige marbh.
    Tá crann i n-aice an tobair agus níor mhaith le aon duine é a ghearradh. Bhí an fear seo ag iarriadh é a leagaint isteach sa tobar. Ní raibh ach aon slis bainte aige nuair a thosuigh an crann ag tabhairt fola go trom. Tháinig faitchíos mór air annsin agus thuit sé marbh ar an bpuinnte.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Criostína Ní Fhlannchadha
    Gender
    Female
    Age
    13
    Informant
    Brighid Ní Fhlannchadha
    Gender
    Female
    Age
    50