School: An Gleann (roll number 12407)

Location:
Farravaun, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 420

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 420

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 420
  3. XML “Seanscoileanna”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Seo cuid de na h-ainmneacha do bhí ar na scoileanna do bhí fadó sul ar cuireadh scoileanna Náisiúnta ar bun. Scoileanna Eigse, Scoileanna Scairte, agus Gearr Scoileanna. Do bhí múinteóir ag muineadh i sóiléir síos fán altóir sa séipéil. Bhí doras ar an dtaobh amuigh chun dul isteach. Tá sé le feiceál fós ar áit a raibh sé. Inghean Carbat a bhí ag múineadh annsin.
    Seo cuid des na h-áite mar a raibh scoil fadó. Bhí scoil i Tráigh Árd i bhFarabhán agus bhí scoil eile mar a bhfuil an séipéil anois. Séan na Scoile ab ainm do'n múinteóir a bhí i dTráigh Árd agus Pádraigh Seóighe a bhí ag múineadh sa séipéil. Lá amháín tháinig an cigire agus bhí sé amuigh ar Oilean Bhobaí (?) ag fiadhach. D'iarr an chigire ar na páisdí cá raibh sé agus dubhradar leis go raibh duine ag bádhadh agus go ndeacha sé amach chun é a shabháil. Leige saor é.
    So bhíodh múineadh ar siubhal i dtighthibh na bhFeirmeóirí fadó. Is amuigh fan aer a bhíodh siad ag múineadhan lá bréagh. Ní
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. objects
      1. man-made structures
        1. buildings
          1. schools (~4,094)
    Language
    Irish
    Collector
    Úna Ní Luideáin
    Gender
    Female
    Informant
    Bairbre Ní Luideáin
    Gender
    Female