School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 368
- XML “Pósaithe”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Pósann daoine idir an Nodlag agus an Carghas ins an áit seo. Deirtear go bhfuil Mí na Márta agus mí an Aibreáin mí-ráthmhar le pósadh a dheanamh. Tá laetheannta ráhmhar agus mí-ráthmhar le pósadh freisin, mar deirtear go bhfuil Diardaoin agus Dia Satarn ráthmar agus tá Dia h-Aoine mí-ráthmhar. Tugtar an Inid ar tosach an carghas.Tugtar Dómhnach na pus ar an gcéad Dómhnach den chargas, mar bíonn pus ar dhaoine ion-phósta nach bhfuil pósta, nó gealladh pósta orra roimh an lá sin. Tugtar Margadh mór na pus" ar an Diardaoin roimhe sin freisin. Tugtar "Mairt na h-Inidhe" ar an lá roimh "Céadaoin na Luaithre." Bíonn féasta mór ag na daoine an oichche sin. Cuireann siad fáinne i gcáca agus an té a gheibheas an fáínne bheadh sé pósta go luath. Bíonn rabhartha fá'n am sin ar a dtugtar "rabhartha ruadh na h-Inide" air.Is cuimhin le corr-duine an uair a raibh an pósadh déanta ins na tighthe. Tá sé ceithre scór agus deich bliain ó shoin(continues on next page)
- Collector
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Age
- 13
- Informant
- Uaitéar Mac Donnchadha
- Gender
- Male
- Age
- 60