School: An Gleann (roll number 12407)
- Location:
- Farravaun, Co. Galway
- Teacher: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Gleann
- XML Page 408
- XML “An Chuigeann”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Tá meadar againn sa mbaile. Cuinneóg a tugann-muid air. Tá sé ana-shean amach is amach agus rinne fear as an gceanntar é.
Tá sé trí troigh ar aoirde agus cúig troigh leithead faoí na bun. Tá go leór cuideanna 'san chuinneóg.
An clára tugtar ar chlúdach an cuinneóig, agus bíonn luithne leis an mbainne a bualadh. Bíonn claibín freisin síos as an luithne leis an mbainne a choineál síos. Tugtar an caisín ar an gcuid uachtair de'n gcuinneóg, agus an chos ar an gcuid iochtar.
Uaireannta cuirtear splanc faoí an cuinneóg mar ceapann na daoine go gcuireann sin nos mó ime as an mbainne. Chuirfeadh siad táirnge crú capaill ins an luithne freisin le h-aghaidh an rud céadhna. Má thagann stráinséar isteach le linn maistre a bheith dhá dhéanamh ní leigtear amach é go dtógann sé dreas de. Déantar sin ar eagla go dtógfadh sé an t-im.
Bíonn an maistre fiche nóimead ag déanamh. Nuair a bhíos an maistre déannta bíonn cnaipí beaga ime ar a uachtar an bhainne.
Annsin tógtar an t-im suas leis an chlaibhin agus glanntar é i mbáisín ádhmad. Annsin(continues on next page)- Collector
- Nóra Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Informant
- Brighidh Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Gorterwulla, Co. Galway