School: An Gleann (roll number 12407)

Location:
Farravaun, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 406

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 406

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 406
  3. XML “Na Prátaí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Na prátaí
    Cuireann mo athair prátaí ar an bhfeirm sa mbaile gach bliain. Is le céachta a chuireann sé cuid acú agus le rámhainn a chuireann sé cuid eile. Go h-ionbamhail is le rámhainn a chuirtear fataí talamh bána. Ins an t-am fadó bhíodh céachtaí déanta d'adhmad. Bhíodh siúnéir na chéachtaí leis na céachtaí a dhéanamh. Níl aon céachtaí ádhmad ins an gceanntar anois.
    I dtús an Carraigh gearrtar na fátaí i na sgrolláin agus cuirtear i málaí iad. Na fátaí nach bhfuil aon tsúil ionnta caithtear ar leathtaobh iad. Laoghán a tughtar ortha sin. Cnámhóga a tugtar ar na fataí nach bhfuil aon mhaitheas ionnta le h-aghaidh síol.
    Uaireannta sábhtar na sgiolláin ins na h-iomairí i n-ionnad iad do chur le céachta. Na puill a ghníor duine leis an láighe na fágálacha tugtar ortha sin. Déantar na puill a mhúcadh annsin. Nuair a bhíonn na fataí curtha cuireann leasú ortha. I n-aice an fairrge cuirtear feamainn agus slobbáin ar na fataí i n-ionnad aoileach.
    Nuair a thosaigheann na dasacha ag
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. activities
      1. economic activities
        1. agriculture (~2,659)
          1. potatoes (~2,701)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female