School: An Gleann (roll number 12407)

Location:
Farravaun, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 355

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 355

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 355
  3. XML “An Tiarna Talún”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí fear darbh ainm dó Hudson in a thighearna talmhan ar Gleann fadó agus bhí fear eile darbh ainm dó Griffit in a thigearna ar Fearamháin. Tá a shliocht ins an áit fós.
    D’fan siad ins an áit ar feadh a saoghail. Ní raibh siad ró-cruaidh ar na daoine, agus deirtear nár cuireadh mórán daoine as a gcuid seilbhe. Théigeadh na daoine sin go Sasana nó tógadh siad teach suas ins na sléibhte. Tá a lán sean-fhothrach tighe suas ins an sléibhte. Nuair a bhí an gorta ann chuadar suas ins na sléibhte nuair a cuireadh ó na seilbh iad.
    Deirtear gurb iad na maoir a cuireadh na daoine as a gcuid seilbhe. Thagadh siad ins an oidhche agus thógadh siad an stuic. Chuireadh na daoine an glas ar na dorsí ar fhaithchíos go dtiocfadh na maoir. Act bhrisead siad na doirsí agus thógadh siad na beithidhigh.
    Bhíodh troid go minic idir na maoir agus na feirmeóirí. Lá amháin, tháinic cúpla maoir go dtí an fear seo ag iarraidh an bulóg breágh a bhí aige air. Bhí an feirmeóir ag súl le luach maith ar an bulóg ag an aonach, agus ní sgarfadh sé leis. D'éirigh an maoir ar buille agus chuaidh sé
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. place-space-environment
      1. land management (~4,110)
    Language
    Irish
    Collector
    Nóra Ní Dhonnchadha
    Gender
    Female