Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- Farravaun, Co. Galway
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Gleann
- XML Leathanach 422
- XML “Luibheanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Luibheanna.Tá go leór luibheanna ann a dhéineann díoghbháil do'n talamh. Seo cuid acú,
Cluamhán,
Cluanach dearg,
Fearbán,
Ainnleóg,
Seamar.
Fásann an cluamhán tré turnaipí go mór-mhór agus múchann sé iad. Is ar an dtalamh bocht a fhásann sé. Fásann an cluanach dearg tré choirce agus prátaí, agus tágann bláth dearg air. Déineann sé an talamh do bhochtú. Fásann na feóchadáin i dtalamh maith agus fásann eilistromanna ar thalamh bocht. Fásann neantóga ar thalamh mhaith freisin.
Seo iad na luibheanna a bhfuil leigheas ionnta, an blíosgan, an slánlus, agus an caisearbhán. Má bhíonn do bhrúsa tinn leis an ngréin, agus ceann de na blíosgán do chur air, agus bheadh sé i bhfad níos fearr. Tá leigheas le h-aghaidh an Eitinn agus le h-aghaidh slaghdán ins an caiserbhán. Bruithtear é le bainne agus óltar é. Cuirtear an slánlus ar lot.
Tugtar diareán agus cluanach dearg agus cluamhán do mucaibh. Itheann daoine duilisc(leanann ar an chéad leathanach eile)