Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)
- Suíomh:
- An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- 11adh lá d Aibréan 1938.Nuair a bhíonn báisteach ag teacht bíonn an spéir go h-an dubh agus éirigheann an gaoth go h-árd. Nuair a chuireann an cat a dhruim leis an theine deirtear go báisteach ag teacht. Deirtear go bhfuil fhios ag an asal nuair a bhíonn le balla nó cruach tagann báisteach. Nuair a bhíonn na géana fiadháine ag dul go dtí an loch nó an bhfairrige sin comhartha go bhfuil báisteach ag teacht agus nuair a bhíonn siad ag dul go dtí na sléibhte sin comhartha go bhfuil stoirm ag teacht. Nuair a bhíonn na h-aibhne ag deanamh go léor torann sin comhartha go bhfuil báisteach ag teacht. Nuair a bhíonn go léor siongán le feiceál sin comhartha go bhfuil báisteach ag teacht. Nuair a bhíonn gaoth adtuaidh ann agus sórt dath dearg ar an spéir sin comhartha go bhfuil sneachta ag teacht. Nuair a bhíonn an gaoth ag leanamhant an gealach sin comhartha go bhfuil báisteach ag teacht.
Nuair a bhíonn go léor réalta sa spéir sin comhartha go bhfuil sioc ag(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Criostína Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13
- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Fhlannchadha
- Inscne
- Baineann
- Aois
- Os cionn 50