Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)

Suíomh:
An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 410

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 410

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 410
  3. XML “Ainmhithe Neamhshaolta”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. I n-uair an droch-shaoghal bhí piast mór i Loch Coirib agus bhí sé ag teacht suas go dtí an Reilig ag ithe na gcorp. Bhí clais mór déanta aige suas ó'n loch agus bhíodh sé ag deanamh torann mór ag teacht suas. Bhí faitchíos ar gach duine dul thar an reilig 'san oidhche. I n-Uachtarárd atá an reilig.
    Bhí fear i nGleann darbh ainm Réamonn Mac Donnchadha nó Réamonn na nÓrlaighe mar thugadh na daoine air. Fuair a mháthair bás agus ní raibh aon reilig ann le'n í a chur acht an reilig úd. Bhí trí mac aicí agus d'iarr an t-athair ortha a mháthair a chosaint. Ní dhéanfadh aoinne acu é acht Réamonn. Chuaidh sé go dtí an tighearna talamh agus d'iarr sé claidheamh air. Tugadh dó é.
    An chéad oidhche chuaidh sé go dtí an reilig agus sheas sé taobh istigh de'n geata a bhí i n-aice an locha. Taréis tamaill tháinig faitchíos mór air, annsin i measc na marbh. Cheap sé go raibh gach nóiméad chómh fada le uair. Nuair a bhuail an chlog a dó dhéag chuala sé an phiast ag teacht agus ba
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Nóra Ní Dhonnchadha
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Uaitéar Mac Donnchadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Glann, Co. na Gaillimhe