Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)

Suíomh:
An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla

Scag na scéalta

Taifeach: Íseal | Ard
Bóithre an Cheantair

Tagairt Chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 352

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD. Féach sonraí cóipchirt »

Ar an leathanach seo

Bóithre an Cheanntair
Siad na h-ainmneacha atá ar bhóithre an cheanntair ná, bóthar an Ghleanna, bóthar Guirt a bhalla, bóthar Curraigh Dhuibh agus bóthar bhaile na nGall. Tá go leór sean-bhóithre sa cheanntar fresisin.
Deineadh na bóithre i n-aimsir an drochshaoghail. Deirtear gur fear ó Curr-a-Ríbhe a thug airgead do na daoine leis an bhóthar a dhéanamh. Rinne sé é ó Uachtar Árd go Droichead-na-Cille agus rinne na daoine é ó sin go Currán. Nuair a bhí na fir ag obair ar na bóithre fadó ceithre pingne a bhí le fághail atá sa ló. Tá dhá dhroichid ar an bóthar, Droichead-na-Cille agus Droichead-na-Rátha.
Tá sean droichead i n-aice Uachtar Árd, ar a dtugtar Droichead-a-Phúca air. Bhí fear meisge ag teacht ó Uachtar Árd oidhche amháin agus nuair a bhí sí ag dul thar an Droichead dubhairt sé leis na púcaibh teacht amach agus troid a dheanamh. Thosuigh na púcaí ghá bhuladh ach ní raibh sé inann aon rud a fheiceál agus is beag nár mharbhaigh siad é. Tá sgoil nó teach in

(leanann ar an chéad leathanach eile)
Bailitheoir
Criostína Ní Fhlannchadha
Inscne
baineann
Faisnéiseoir
Brighid Ní Fhlannchadha
Inscne
baineann
Aois
os cionn 50
Gairm bheatha
bean feirmeora
Seoladh
Barr na nGoirtíní, Co. na Gaillimhe
Teanga
Gaeilge