Scoil: An Gleann (uimhir rolla 12407)

Suíomh:
An Fearbhán, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 414

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0066, Leathanach 414

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann
  2. XML Leathanach 414
  3. XML “Fathaigh agus Cailleacha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Fathaig agus callacha.
    Bhí an chailleach Néifín agus an chailleach Bhéarach ag troid uair amháin. Bhí an Chailleach Bhéarach ar Chairn Suidhe Fionn i nGleann, agus an Chailleach Néifín ar Bhinn Léibhe i gCorrnamóna, atá tuairim is sé míle uaidh. Tá píosa de Loch Choirib idir Gleann agus Corrnamóna.
    Bhíodar ag caitheamh carraigeacha le'n a chéile. Chaith an Chailleach Néifín carraig an-a mhór agus ní raibh sí i n-ann é a chur an bealach ar fad, agus thuit sé i gCeap na mBalla, atá tuairim is leith-mhíle ó Chairn Suidhe Fionn.
    De réir mar bhí na cailleacha ag troid bhíodar ag teacht síos go dtí an loch, ar gach taobh. Nuair a shrois an Chailleach Bhéarach an loch, fuair sí bád le dul treasna go Corrnamóna Bhí an chailleach eile ag caitheamh léití ar feadh an ama go léir. Uair amháin bhuail sé an bád agus chuir sí síos é, ach d'éirigh leis an gcailleach Bhéarach é a chur ag snámh arís.
    Bhuail sí an bád an darna h-uair acht d'éirigh leis an gcailleach é a chur ag snámh arís.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. fathaigh (~518)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Uaitéar Mac Donachadha
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Gort Oiriúlaigh, Co. na Gaillimhe