School: An Gleann (roll number 12407)

Location:
Farravaun, Co. Galway
Teacher:
Eibhlín, Bean Uí Dhuibhghiolla
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 374

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0066, Page 374

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Gleann
  2. XML Page 374
  3. XML “Toibreacha Beannaithe”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    Tugann daoine rudaí beannuithe leó go dtí an tobar mar croicheanna agus dealbhacha agus fágann siad le h-ais an tobair. Nuair a thugann daoine turas ann deireann siad fáilte an Aingil seacht uaire an Phaidir seacht uaire agus Cré na nEasbol uair amháin. Má éistigheann an Naomh leis na paidreacha chifé an duine péist nó rud mar sin ag siubhal i n-aice an tobair má tá an duine ag fághail leigheas agus má fheiceann sé rud marbh gheobhaidh sé bás. Deirtear go bhfuil leigheas le fághail ar mhuinéal tinn i dtobar Naomh Chaitbert. Bhí mhuinéal an-tinn ag fear uair amháin agus chuaidh a bhean chuig an dtobar. Dubhairt sí na paidreacha agus cúpla lá ina dhiaidh sin bhí biseach ar an bhfear. Níl aon iasc ins an dtobar. Beireann daoine cuid de'n uisge leó abhaile agus craitheann siad é i ngach áit san teach. Tá clocha i n-aice an tobair agus cuireann na daoine an Croich Céasta ortha féin leis na clocha sin. A deirtear go bhfuil an usige beannuithe sin go han-mhaith le craitheadh le linn stoirme.
    Tá tobar beannuithe eile idir Gleann agus Maam. Tá sé suidhte i lár páirce mór fé bhun aill. Tá an aill sin seachtmhoghadh troigh i ndoimhneacht. Bhí iasg
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish
    Collector
    Criostína Ní Fhlannchadha
    Gender
    Female
    Age
    13
    Informant
    Brighid Ní Fhlannchadha
    Gender
    Female
    Age
    50