School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 047

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 047

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 047
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal

    Bhí bean ann fadó agus bhí triúr mac aice. Nuair a bhí an chéad mac sean go maith, dúbhairt sé go raibh sé in am aige a dhul ag saothrú a bheatha go cheann tamall.

    Sgéal
    Bhí bean ann fadó, agus bhí triúr mac aice. Nuair a bhí an chéad mac sean go maith, dubhairt sé go raibh sé i n-am aige, a dhul ag saothrú a bheatha go cheann tamall. Rinne sí cáca cruithneacht agus dubhairt sí, cé is feárr leat anois ar sise, an leath mhór is mo mhallacht, ná an leath bheag is mo bheannacht. Dubhairt sé go mba bfeárr leis an leath mór is a mhallacht, thug sí mallactaí dhó, agus d'imthigh sé as a amharc
    Thárla an rud céadhna de'n dárna mac, agus dubhairt sé go raibh sé ag dul ag imteacht agus rinne sí an cleas céadhna, agus dubairt sé go bhfeárr leis an leath mhór is a mhallacht, agus bhí sí ag cur mallachtaí in-a dhiaidh gur imthigh sé as a amarc. Tháinig an dára mac an an áit céadhna a raibh an chéad mhac, ag an fear céadhna, agus ba é an posta a bhí aca, ag tabhairt a mháthair amach gach uair dá n-iarrfadh sí air é. Shocruigh sé croiceann caorach a chur air, ac is é an uair a bhí sé ag teasdal uaithe, a dhul amach, nuair a bhéadh an béilí réidh. Faoí cheann tamaill, bhí an treas mac ag boga amach, agus dubhairt sé go raibh sé ag [!] in-aonfheacht leis an mbeirt eile. Rinne an mháthair cáca, agus nuair a bhí sé déanta, d'fiafruigh sí dhó, cé is feárr leat, an leath mhór is do mhallacht, nó, an leath bheag is do bheannacht, agus dubhairt sé go mbeárr leis an leath bheag is a bheannacht. Bhí sé ag imtheacht nó go dtáinig sé cho fada le tobar
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Language
    Irish
    Informant
    Máire Bn Uí Bhairéid
    Gender
    Female
    Age
    77
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Baile an tSagairt, Co. Galway