School: Scoil Éinde, An Spidéal
- Location:
- An Spidéal, Co. Galway
- Teacher: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Page 006
- XML “Scéal - An Buachaill Glic”
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)an buachaill is beag nar imthigh siad fiadháin. D'iafruigh siad dhó cé as a tháinic sé, nó cé é fhéin. D'innis an buachaill dóibh ar fad. Ní raibh aon deis aca na píosaí óir a fhagháil acht leis an bpíosa feóla a leigeann síos ó bhárr an chnuic, agus thugach na h-éanacha aníos aca é. Dhíol an buachaill an méid óir a bhí aige in-a chuid pócaí le na daoine. Bhí an buachaill saibhir uaidh sin amach.
Scéal
“Bhí fear i gConnamara fadó ins an mbaile ar a dtugann siad Úirid ar, agus sé an t-ainm a bhí air ná Seán Buidhe an Úirid.”
Bhí fear i gConamara fadó ins an mbaile ar a dtugann siad Úirid ar, agus sé an t-ainm a bhí air ná Seán Buidhe an Úirid. Bhí brionglóid aige trí oidhche indhiaidh a chéile, dhá dteigheadh sé go dtí droichead luimnigh go bhfuidheach sé pota óir ann. D'imthigh leis agus shiubhail sé ann. Chaith sé an lá sin ag cuartughadh, agus lá in-amháireach,. Bhí teach ag gréasuidhe ar leath taobh an bhóthair, agus d'éirigh sé amach agus d'iarraidh sé de Sheán buidhe céard a bhí sé ag déanamh thart annsin le cúpla lá, díthchéille arsa Seán Buidhe. Neac a tháinigh agam dhá dtagann go béal dhroichead luimnigh go bhfuighinn pota óir ann. Ó a amadáin adeir an gréasuidhe,nach dtáinig neach agamsa dhá(continues on next page)- Informant
- Diarmuid Ó Fátharta
- Gender
- Male
- Age
- 60
- Occupation
- Feirmeoir
- Address
- Doire Locháin Thiar, Co. Galway