School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 038

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 038

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 038
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal - Mac Rí Éireann”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Scéal (continued)

    Aon uair amháin bhí beirt fhear as Connamara ag teacht as Gaillimh thar-éis tárr féir a dhíol.

    (continued from previous page)
    agus dubhairt sé. "Wait for the chance". Céard atá sé ag rádh adeir Seán le Máirtín, tá sé ag rádh go gceanglócha[dh] sé lé slabhraí muid a deir Mártín. Bhíodar ag ritheacht leó i gcomhnuidhe nó go dtáinic siad go dtí stábla, bhí an ocras ortha, agus fuair siad builín istigh ann. Dá mbéa[dh] braon bainne againn anois arsa Máirtín. Bhí teac dochtúra in-aice leó, agus bhí buidéil bhána ar an fuinneóga. Téirigh isteach a Sheáin agus fá buidéal bainne dhúinn, nach bhfeicfann tú ar an bhfuinneóig iad. Isteach le Seán. Ba mhaith liom buidéal bainne a fhághail más é do do thoil é, adeir Seán. Ní raibh aon Ghaedhilge ag an dochtúr agus n[í] raibh fhios aige céard a bhí Seán ag rádh. Thosuigh Seán ag cur a mhéir isteach in-a bhéal, ag innseacht go rud le n-ól a bhí uaidh. Ghlaoidh an dochtúr ar an mbuachaill aimsire agus d'fiafruigh sé dhe céard a bhí uaidh Sheán. Tá sé ag iarraidh fiacal a tarraingt adeir an buachaill. Chuir siad Seán in-a shuidhe síos agus tharraing an dochtúr fiacail uaidh. Thosuigh Seán ag cur a mhéir in-a bhéal, agus cheap an dochtúr gur fiacail eile a bhí sé ag iarraidh a tharraingt, agus tharraing siad fiacail eile. Amach le Seán agus dfiafruigh Máirtín dhó an bhfuair sé an bainne. Ó nach bac lé bainne ar seisean ac ní fhágfadh siad fiacail in-do dhrad.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.