School: Scoil Éinde, An Spidéal

Location:
An Spidéal, Co. Galway
Teacher:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 021

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0063, Page 021

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Page 021
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    bheith ag imtheacht, tá mo bheirt dearbhráthair ag fanamhuint liom. Budh chóir dhuit mise do thabhairt leat arsa Bhénis Bé sin é an t-ainm atá ar inghean an ríogh. Bhearfainn agus fáilte dá mbéadh aon t-slighe agam le do thabhairt arsa Murchadha. Thug Bhénis cathaoir dhó, annsin dubhairt sí leis. Suidh san gcathaoir sin agus abair. Budh mhaith liom bheith ann a léitheid seo nó a léitheid siud d'áit agus béidh tú inntí gan mhoill. Do shuidh sé ann san gcathaoir agus Bénis ar a dhá ghlúin agus dubhairt sé, budh mhaith liom bheith i Mbaile Átha Cliath, agus le casadh do laimhe chuaidh an chathaoir tríd an bfhuinneóig thar mhuir agus tír agus faoí cheann leath-uaire, bhíodar i mBaile Átha Cliath. Annsin cheannuigh Murchadha teach agus chuaidh sé féin agus Bénis ag dhéanamh comhnuidhe ann. Faoí cheann cúpla lá na dhiaidh sin chuaidh Murchadha go tighearna Bhaile Átha Cliath agus d'fiarr sé obair air. Cad é do céard? ar san tighearna leis. Is mé an tincéar is fearr in-Éirinn arsa Murchadha. Tá obair seacht mbliadhna agam dhuit arsa an tighearna. Thug sé Murchadha leis, agus thasbáin sé dhó cárnán mór stáin agus dubairt sé leis, déan bád de sin. Thosuigh Murchadha ag obair agus bhí an bád críocnuighthe aige sul ar ndheacaidh an ghrian faoí an tráthnóna sin. Chuaidh sé chuig an tighearna annsin agus d'innis sé dhó go raibh an bád críocnuighthe aige. Níor chreid an tighearna é go bhfaca sé an bád, annsin díoc sé é agus dubairt. Ní breág arádh, gur tú an fear céirde is feárr i n-Éirinn. Seo dhuit chroiceann tarbh lé bád do
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Language
    Irish
    Informant
    Seán Ó Curraidhin
    Gender
    Male
    Age
    60
    Occupation
    Feirmeoir
    Address
    Doire Locháin Thiar, Co. Galway