Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 021
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheith ag imtheacht, tá mo bheirt dearbhráthair ag fanamhuint liom. Budh chóir dhuit mise do thabhairt leat arsa Bhénis Bé sin é an t-ainm atá ar inghean an ríogh. Bhearfainn agus fáilte dá mbéadh aon t-slighe agam le do thabhairt arsa Murchadha. Thug Bhénis cathaoir dhó, annsin dubhairt sí leis. Suidh san gcathaoir sin agus abair. Budh mhaith liom bheith ann a léitheid seo nó a léitheid siud d'áit agus béidh tú inntí gan mhoill. Do shuidh sé ann san gcathaoir agus Bénis ar a dhá ghlúin agus dubhairt sé, budh mhaith liom bheith i Mbaile Átha Cliath, agus le casadh do laimhe chuaidh an chathaoir tríd an bfhuinneóig thar mhuir agus tír agus faoí cheann leath-uaire, bhíodar i mBaile Átha Cliath. Annsin cheannuigh Murchadha teach agus chuaidh sé féin agus Bénis ag dhéanamh comhnuidhe ann. Faoí cheann cúpla lá na dhiaidh sin chuaidh Murchadha go tighearna Bhaile Átha Cliath agus d'fiarr sé obair air. Cad é do céard? ar san tighearna leis. Is mé an tincéar is fearr in-Éirinn arsa Murchadha. Tá obair seacht mbliadhna agam dhuit arsa an tighearna. Thug sé Murchadha leis, agus thasbáin sé dhó cárnán mór stáin agus dubairt sé leis, déan bád de sin. Thosuigh Murchadha ag obair agus bhí an bád críocnuighthe aige sul ar ndheacaidh an ghrian faoí an tráthnóna sin. Chuaidh sé chuig an tighearna annsin agus d'innis sé dhó go raibh an bád críocnuighthe aige. Níor chreid an tighearna é go bhfaca sé an bád, annsin díoc sé é agus dubairt. Ní breág arádh, gur tú an fear céirde is feárr i n-Éirinn. Seo dhuit chroiceann tarbh lé bád do(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Curraidhin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 60
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire Locháin Thiar, Co. na Gaillimhe