Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal

Suíomh:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 018

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 018

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Leathanach 018
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    siúd. Tá fhios aige chuile rud go dtí an pionnta a d'ól mé fhéin agus Cait na laogh, bhí fhios aige é. Bhí na h-iasgairí simhplidhe fadó. Ní raibh aon urchóid ionnta, ní h-é sin do na h-iasgairí atá ar an saoghal anois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
  2. Sgéal.
    I bhfad ó shoin san t-sean-aimsir, bhí rí i GCúige Laighean, agus bhí triúr mach aige, dar bainm, Domnall, Brian agus Murchadha. Bhí Domnall agus Brian fóghluimta agus ciallmhar, agus ní raibh ciall na fóghluim ag Murchadha, acht bhí sé chomh láidir agus chomh tréan le leomhan. Chualadh an rí go raibh inghean ag rí na Spáinne agus ní raibh aon bhean san domhan leath chomh breágh léithe. D'innis sé an sgéal dá chlann mac, agus dubairt Domhnall agus Brian go mbearfaidís go h-Éirinn í nó go ngeóbhmíd féin bás ag iarraidh í thabairt linn. Racadh mise libh arsa Murchadha mar tá mise in mo fhear chomh maith libh-se nó níos feárr ná sibh. An oidhche sin, d'imthigh Domhnall agus Brian i ngan fhios de Mhurchadha. Ar maidin lá ar na bháireach, nuair a fuair Murchadha amach go raibheadar imthighthe, as go brách leis in-a diadh, [!] agus níor bhfada go dtáinig sé suas leó mar bhíodar ag dul isteach i gcoill mhór, bhí fearg orra,
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0550: Search for the Golden Bird
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Curraidhin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Doire Locháin Thiar, Co. na Gaillimhe