Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 050
- XML “Scéal”
- XML “Scéal - An Gadaí Dubh”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal
“Bhí fear ann fadó, agus bhí triúr mac aige. Nuair a bhíodar fiche bliadhain, chuir sé ag foghlaim céirde iad.”
Sgéal.Bhí fear ann fadó, agus bhí triúr mac aige. Nuair a bhíodar fice bliadhain, chuir sé ag foghluim céirde iad.
Nuair a bhíodar seacht mbliadhna imthighthe, tháiniceadar ar ais, agus bhí a chéird fhéin ag gach duin[e] aca. Bhí an mac ba shine in-a Fhoghlaér, an dárna mac in-a Ghaduidhe, agus an treas mac in-a Tinncéar[.] Dubhairt an t-atair leis an dara mac. Más gaduidhe maith thusa, tá nead lonndubh amuigh sa sgeach sin agus tug isteach ubh as. Rinne an gaduidhe amlaidh. Más Foghlaér maith thusa adeir sé, bris an ubh sin le do ghunna. Do bhris a fóglaér an ubh, agus bhí an t-athair go h-an t-sásta leis. Más tinncéar maith thusa adeir sé cuir lé chéile aríst an ubh sin. Do chuir sé le chéile an ubh, agus bhí an t-athair go h-an tsásta leis. Do gaibh sé buidheachas leis an triúr aca, agus bhí sé lán t-sásta leó, mar gheall go raibh a gcéird go mhaith aca.- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Neachtain
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 43
- Seoladh
- Baile an tSagairt, Co. na Gaillimhe
- Sgéal.
An Gaduidhe Dubh.
Bhí buachaill ann uair amháin, agus bhí sé an-leisgeamhai[l](leanann ar an chéad leathanach eile)