Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe), ní raibh san teach acht é fhéin, an t-athair agus an mháthair. Chuaidh sé ag obair ag fear mór a bhí in-gar dhó, agus bhí bhíodh sé ag teacht abhaile gach oidhche. Bhí sé féin agus an duine uasál ag tarraingt go maith le na chéile. Aon lá amháin da'r leagadh amias an búilé aige, ghoid sé na spunóga dén bhord agus chuir sé ina phóca iad, nó go raibh sé ag dul abhaile an trathnóna sin, agus thug sé abhaile ag a mháthair iad. ní dheacadh sé ag obair ar chor ar bith an dára lá, acht muna ndheacadh, tháinig an duine uasal go dtí é ag iarraidh na spunóga air, agus dubhairt seisean nac raibh a léitheide aige. Chuir an duine uasal, chúig punt leis, nach ngoidfeadh sé ceann dá chuid capall a bhí ag treabhadh, ag a chuid fear ins an bpáirc, dúbairt seisean go ngoidfeadh, agus d'imthigh leis, agus thug leis mála, agus chuaidh go dtí áit in-a raibh go léor coiníní agus rug sé an shean-cheann agus ar cheann óg, agus thug leis iad go dtí an pháirc in-a raibh na capaill ag treabadh, agus chuaidh sé isteach i bholach ar chúl leachta. Nuair a bhí na treabhadóirí imthighthe thairis, sgaoil sé amach an coinín óg, agus ní túisge a chonnaic na fir oibre, ná leanadar é. Ba geárr a chuaidh sé, gur mharbhuigh siad é, agus annsin chuaidh ar aghaidh leis an obair. Nuair a bhíodar timcheall aríst, rinne sé an cleas céadhna, sgaoil sé amach coinín eile agus leanadar dhó, agus mharbhuigh siad é. Annsin dubhairt siad leó fhéin, dá mbéadh ceann eile againn, bhéadh ár ndóthain againn le h-aghaidh an dinnéir, agus nuair(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Siubhán Bn. Uí Chonhubhair
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Both Loiscthe Íochtair, Co. na Gaillimhe