Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal

Suíomh:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 032

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 032

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Leathanach 032
  3. XML “Scéal”
  4. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Nuair a fuair Ruaidhrí Ó Flaithbheartaigh as an bPáirc bás, bhí muinntir na háite ag rádh go raibh go leor airgid i bhfolach i sean-bhallaí an tighe.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    Ar an noiméad tháinig trí mhada chuige, dubhairt sé le ceann aca mála óir a thabairt aige, Ba geárr go raibh a[n] mada ar ais aige, agus mála óir aige. D'imthigh leis go d[tí] an baile mór, agus chomhnuidhe sé ann. Bhí ingean a[n] rí i gcaisleán mór i n-aice na h-áite, agus i faoí ghlas ann, ag an Rí. Lá amháin bhí an saighdiúr ag dul thart agus dhubhairt sí leis dá bféadfadh sé í a shaothr[ú] go bpósadh sí é. Ní dheárna sé ach an bosca a thabairt aníos agus gráinne a thógál as, tháinig mada mór aige ar an nóiméad. Dubhairt sé leis an mada dhul suas ar an gcaisleán, agus inghean an rí a thabhairt anuas. Ar an nóiméad bhí inghean an rí ar an talamh ag an mada. Nuair a chuala an rí é seo dubhairt sé go gcuirfeadh an saighdiúr cun báis. Bhí an saighdiúr ar tí a chur ar an gcroch, le na chrochadh nuair a d'iarr sé ar an rí a raibh cead aige gráinne snaoisín a bheith aige. Dubairt an rí go raibh. Chuir sé a mhéir síos sa mbosca agus tháinig na trí mhada aige ar an nóiméad. Dubhairt sé leis na madraí na daoine agus an rí a mharbhú. Ní raibh duine san áit nach raibh marbh ar an nóiméad ac inghean an rí. Phós siad annsin agus bhí an saighdiúr in-a rí, ar an tír as sin amach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.