Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 009
- XML “Scéal”
- XML “Scéal - Na Buachaillí agus na Cnaipí”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
Scéal (ar lean)
“Bhí fear ina chomhnuidhe i n-Uachtar Árd fadó. Chuaidh sé amach lá ag gróige móna. Ní raibh se i bhfad amuigh nuair a tháinig fear sídhe go dtí é.”
(ar lean ón leathanach roimhe)air arsa an bhean. Caipín ormsa a deir lear fear Uachtar Ard. d’imigh leis ansin ins an aér í féin agus an carr go Uachtar Ard agus chaith an carr chuig bliaina deag ag obair aige go h-am a briseadh é.- Sgéal
Na buachaillí agus na cnaipí.Bhí beirt bhuachaillí ag imirt cnaipí istigh i bpáirc, lá breágh gréine. Tháinig an tráthnóna agus dubhairt na buachaillí go dtiochfaidís abhaile. Nuair a bhí siad ar a mbealach, chuaidh siad thar rilic, agus dubhairt siad go dtiocfaidís isteach ins an roilig, nó go roinnidís na cnaipí. D'imthigh leó isteach ins an roilig, agus thosuigheadar ag rádh, ceann dhuitse agus ceann dhomsa. Bhí fear ag teacht ó'n margadh ins an oidhche agus chuala sé an siosca taobh istigh de'n chlaidhe. Chuala sé an chainnt, ceann duitse, agus ceann domsa. Rith sé le n-anam mar shíl sé gurbh iad na sídheógaí a bhí ag cainnt leis.
Bhí fear eile ag teacht ó'n margadh agus chuala sé an chainnt chéadhna, agus rith seisean le na anam freisin. Ní raibh sé i bhfad imthigh nuair a chas fear dhó ar an mbóthar. Céard atá ort nú cé an fá(d)th go bhfuil tú ag ritheacht adeir an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam O Gráinne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire Locháin Thiar, Co. na Gaillimhe