Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal

Suíomh:
An Spidéal, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 008

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0063, Leathanach 008

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
  2. XML Leathanach 008
  3. XML “Scéal”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Scéal (ar lean)

    Bhí fear ina chomhnuidhe i n-Uachtar Árd fadó. Chuaidh sé amach lá ag gróige móna. Ní raibh se i bhfad amuigh nuair a tháinig fear sídhe go dtí é.

    (ar lean ón leathanach roimhe)
    a bhí i fear Uachtar Ard seo, a bhí an bua. Ansin d’fhág na sidheóga beannacht ag fear Uachtar Ard, agus thosaigh siad ag imeacht uaidh, sheas gach uile sideóig amach agus dúirt sé, caipín ormsa. Ansin d’imigh leis ins an aer. Bhí chuile cheann de na sidheóga imithe ach fear Uachtar Ard. Caipín ormsa a deir an fear agus d’imigh ina ndiadh. D’imigh leo go Cúige. Uladh. D’imigh leo isteach i dteach mór agus thoradh siad dhá phobail agus ag goid as. Ar maidin ní raibh ins an teach mór ach fear Uachtar Ard. Rugadh air agus caitheadh isteach i bpriosúin é. Lárna amhárach ceanglaodhaidh de charr é le na chrochadh, mar ní raibh aon deis ann, le duine a chrochadh an tam sin. Chuaigh bean thart. Bean sídhe ab í. Chonaic sí an fear bocht. D’fhiar sí cén fáth go raibh siad ag dul dhá chrochadh. D’inis siad an rud a bhí déanta as bealach aige, di. Ansin dúirt sise nár cheart é a crochadh. Dúirt an dream gur cheart. Tabharadh mise arsa an bhean, cead punt ach gan é a chrochadh. Ní ghéilleadh an dream a bhí ag dul dhá chrochadh di. Tabharadh mé dhá chead punt mar sin díobh, a deir sí, ní ghéilleadh siad. Tabharadh mé trí chead díobh mar sin, ní ghéilleadh siad. Má tá sibh ag dul dhá chrochadh,ba cheart dhíobh caipín a chuir
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. earraí
      1. struchtúir de dhéantús an duine
        1. infreastruchtúr poiblí
          1. bóithre (~2,778)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Liam Gráinne
    Inscne
    Fireann
    Aois
    80
    Seoladh
    Doire Locháin Thiar, Co. na Gaillimhe