Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 010
- XML “Scéal - Na Buachaillí agus na Cnaipí”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)fear a chas dhó leis. Ó tá an roilig lán suas le sídheógaí. Muise i bhfuil adeir a fear a chas dhó, fág sé síos nó go bfeicfidh muid iad. Chuaidh siad síos go dtí an roilig agus chuala siad an chainnt, ceann duitse agus ceann dhomsa. Dimthigh leó cho tréan agus bhí siad indan, agus nuair a bhí siad a teacht in-aice an bhaile, dubhairt duine aca leis an duine eile gurbh é Dia agus an diabhal a bhí ag roinnt na n-anamnachaibh.
Scéal
“Ins an am fadó bhí sípéara ina chomhnuidhe taobh shoir de Ghaillimh in aice le Béal Átha na Sluaigh.”
SgéalIns an am fadó bhí sípéara in-a chomhnuidhe taobh shoir de Ghaillimh in-aice le Béal-Atha na Sluagh. Oidhche bhreágh ghealaigh i mí na Bealtaine, chuaidh an sípéara amach ag breathnú ar a chuid caoire mar bhí siad le úain. Suidh sé síos faoí chlaidhe na páirce. Chuala sé sgréach agus shíl sé gur iad na cearca fiadhain a bhí ag sgreadach sa gcoill. Chuir sé cluais ar fhéin agus déirt sé. Chuala sé an sgréach aríst, agus fhacas dó gur glór bean a bhí ann. Chuala sé an sgréach aríst, agus céard a bhéadh ann acht bean sídhe a bhí ag imtheacht ins an aér. Chuir sé suas crúca na gcaorach agus thairn sé anuas aige í. Rug sé uirri, agus ní raibh sí indan cainnt a dhéanamh. D'iompur sé(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Liam Ó Gráinne
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Doire Locháin Thiar, Co. na Gaillimhe