Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 010
- XML “Scéal - Na Buachaillí agus na Cnaipí”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Níl tú logáilte isteach, ach tá fáilte romhat tras-scríobh a dhéanamh go hanaithnid. Sa chás seo, déanfar do sheoladh IP a stóráil ar mhaithe le rialú cáilíochta.Má chliceálann tú ar an gcnaipe sábhála, glacann tú leis go mbeidh do shaothar ar fáil faoi cheadúnas Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License agus gur leor nasc chuig dúchas.ie mar aitreabúideacht.
Scéal
“Ins an am fadó bhí sípéara ina chomhnuidhe taobh shoir de Ghaillimh in aice le Béal Átha na Sluaigh.”
SgéalIns an am fadó bhí sípéara in-a chomhnuidhe taobh shoir de Ghaillimh in-aice le Béal-Atha na Sluagh. Oidhche bhreágh ghealaigh i mí na Bealtaine, chuaidh an sípéara amach ag breathnú ar a chuid caoire mar bhí siad le úain. Suidh sé síos faoí chlaidhe na páirce. Chuala sé sgréach agus shíl sé gur iad na cearca fiadhain a bhí ag sgreadach sa gcoill. Chuir sé cluais ar fhéin agus déirt sé. Chuala sé an sgréach aríst, agus fhacas dó gur glór bean a bhí ann. Chuala sé an sgréach aríst, agus céard a bhéadh ann acht bean sídhe a bhí ag imtheacht ins an aér. Chuir sé suas crúca na gcaorach agus thairn sé anuas aige í. Rug sé uirri, agus ní raibh sí indan cainnt a dhéanamh. D'iompur sé(leanann ar an chéad leathanach eile)