Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- Suíomh:
- An Spidéal, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seoirse Ó Flaithbheartaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil Éinde, An Spidéal
- XML Leathanach 052
- XML “Scéal - An Gadaí Dubh”
- XML “Scéal”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)a tháinig siad timcheall an tríomhadh uair, sgaoil an buachaill seo an sean cheann amach, agus ar ndhóigh, rinne siad san a ndicheall le breith ar, acht dá mbhéadh siad an-a dhiaidh ó shoin, badh é an cás céadhna dhóibh é.
Nuair a fuair an buachaill seo iad, sághach fada uaidh, d'imtigh leis féin, agus sgaoil ceann de na capaill, agus chroch leis abhaile í. Nuair a tháinic na fir oibre ar ais, seo mar do bhí an sgéal, ceann de na capall imthigh uatha. Dimthigh leis an mbhuachall agus thug an capall go dtí an máighstir. D'imthigh leis an mbuachaill amism agus fuair dhá bhuidéal i ngach póca leis, agus nuair abhí sé ag tairramgt ar an sgioból, leig sé an fhéin gur duine a bhí ar meisge é, agus é ag tuitim ar an tsráid. Nuair a chuala an bhí ag faire an torann, amach leó. Fuair siad é tuitthí ar an tsráid, agus cheap siad gur duine eile a bhí ann, agus thug isteach é ag an teine, agus fuaireadar, na buidéil in-a chuid éadaigh. Thosuigh an bheirt ag ól, ár ndhóigh, ba geárr go raibh siad tuittí ar meisge.
Nuair a bhíodar ar meisge, déirigh mo dhuine agus crocann leis an chráin abhailear an bpoinnte. D'éirigh an máighistir lá ar na bháireach, amach leis ná go bhfeicfeadh sé a raibh an chráin soillte, iaréis an bheirt sinte ag an ól. Scéal
“Bhí fear i gCo. Chábháin, agus sé an t-ainm a bhí air na Mícheál agus bhí sé an-bhocht, agus ba mhaith leis go leor airgid a bheith aige.”
Sgéal(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Peadar Ó Culáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 65
- Seoladh
- Both Chuanna, Co. na Gaillimhe