School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha

Filter stories

Back
/ 302 Forward
Resolution: Low | High
Creag Mór (Naomh Pádraig) | The Schools’ Collection

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 249

Image and data © National Folklore Collection, UCD. See copyright details »

On this page

(continued from previous page)

go dtí an doras agus bris siad isteach agus thóg siad gach rud a bhí ins an siopa. Bhí fhios ag an fear cé rinne é agus níor cuir sí fhios ag na Garda mar ní raibh fhios ag na Gárda go raibh an siopa aice mar ní raibh sí ag ioc aon airgead.

Bhí fear ann uair amháin darbh ainm Pádhraig Ó h-Aicéad. Bhí sé ann bhocht. Ní raibh aige acht an taon bhó amháin agus bhí sí dall í súil amháin. Bhí a bhean ag iarraidh air an bó a dhíol acht ní raibh Pádhraig sásta leis sin. Sa deire bhí sé ag éirigh bocht agus béigin dó an bhó a dhíol.
An oidhche roimh an aonach chuaidh sé amach ins an stáble leis an mbuin a fheiceál. Casadh fear leis agus dubhairt sé leis, "Cá bhfuil dú ag dul a Phádhraig". "Tá mé ag dul amach le mo bhó a fheiceál, mar caithfidh mé í a dhíol amáireach". "Tuige sin" arsan fear. "Mar níl pingin rúadh san teach againn, agus caithfidh muid airgead a fhághail no gheobhfaidh muid bás

(continues on next page)
Collector
Máire Ní Dhubhthaigh
Gender
female
Address
Cregcarragh, Co. Galway
Informant
Eibhlín Ní hEoláin
Gender
female
Age
16
Address
Lisheenavalla, Co. Galway
Language
Irish