School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Location:
- Cregmore, Co. Galway
- Teacher: Cathal Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Page 223
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Ní raibh Seán in ann rud ar bith a rádh acht "tuile, dha mbeadh sé agam." Shuidh an dligheadóir ar cathaoir in aice le leaba Sheáin agus d'fiafruigh sé dhe "an bhfágfaidh tú an teach seo ag do mhnaoi?" agus dubhairt Seáin "tuile, da mbeadh sé agam". "An bhfágfaidh tú do chuid airgid ag do mhnaoi?" agus dubhairt Seán "tuile, da mbeadh sé agam" "Tuile da mbeadh sé agam" arsa Seán. Annsin d'fiafruigh an dligheadóir dó an bhfágfaidh sé a chuid airgead do Sighle agus dubhairt Seán " "tuile, da mbeadh sé agam" "Bhuel, bhuel! ars an dligheadóir, "caithfidh sé go bhfuil tú le 'chuile rud atá agat sa domhan seo a thágháil ag do mhnaoi" "Tuile , dá mbeadh sé agam" adeir Seán. Nuair a bhí an t-ucht déanta, d'íoch Sighle an dligheadóir agus d'imthigh sé leis. Níor thug Sighle blas bidh dó Sheán le n-ithe in a dhiaidh sin agus fuair sé bás tamall gearr ina dhiaidh sin. Sin a bhí aige taréis a shaoghal. Bhí an t-airgead a bhí saothruighthe go cruaid ag Seán ag Sighle anois, agus bhí Seán bocht marbh aice.
- Collector
- Eibhlín Ní hEóláin
- Gender
- Female
- Address
- Lisheenavalla, Co. Galway
- Informant
- Pádhraig Ó Comáin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Cregcarragh, Co. Galway