School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Location:
- Cregmore, Co. Galway
- Teacher: Cathal Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Page 222
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)nuair a théigheadh Seán amach i mbun a chuid oibre d'isfeadh sí a dóthain. Bhí an rud seo ag dul ar aghaidh ar feadh trí seachtmhaine. I rith an ama seo go léir níor ith Seán blas bíd. Annsin chaill sé an cainnt.
Tháinic faithchíos ar Sighle annsin . Cuir sí in a leabha, agus mharbhuigh sí sicín dó. Thug sí fíosa beag do'n tsicín do le n-ithe. Tháinic an cainnt ar ais chuige agus dubhair sé "tuile, da mbeadh sé agam." Ní raibh sé in ann rud ar bith eile a rád, agus lean sé air ag rádh " ruile dá mbeadh sé agam" i gcomhnaidhe.
Chuimhnigh Sighle ar chleas. Chuaidh sí go dtí an baile mór ar an bpoinnte boise. Chuaidh sí go teach an dligheadóra, agus dubhairt sí leis, "tá m'fear, bocht buailte síos breoidhte sa mbaile. Dubhairt sí liom an dhigheadóir a thabhairt chuige, an fhaid is atá sé in ann ucht a dhéanamh." Fan anois go bhfuighidh mé mhala, agus annsin rachaidh mé leat go dtí d'fear," adeir an dligheadóir. Nuair a shrois siad an teach bhí Seán ag rádh " tuile, dá mbeadh sé agam" fós. Thug Sighle an dligheadóir go dtí an seómra ina raibh Seán. "Anois a Sheáin tá an dligheadóir annseo, agus tá chuile rud réidh le d'ucht a dhéanamh, agus nach bhfágfaidh tú do mhian ar fad agamsa, a Sheáin, a chroidhe".(continues on next page)- Collector
- Eibhlín Ní hEóláin
- Gender
- Female
- Address
- Lisheenavalla, Co. Galway
- Informant
- Pádhraig Ó Comáin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Cregcarragh, Co. Galway