School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 185

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 185

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Page 185
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí píopaire ann fadó. Bhí comórtas ann le ceithre píopaire agus ní raibh fhios acú cérb é an duine a bhfearr. Acht chuaidh píopaire amháin amach agus casadh fear leis taobh amuigh, tá tú búailte anocht a Thomás a deir an fear , tá áthas mór orm go bfuilis. Tar uait infheacht liomsa. Caithimíd a dhul go dtí an teach thiar thall. Siubhal siad píosa fada agus sheas Tomás agus rinne sé stac. Ó siubhal leat a deir an fear tá tú beagnach in aice leis an teach anois. Annsin connaigh Tomás solas agus creid sé na sgéalta. Nuair a bhí siad chomh fada leis an teach chuala siad ceol. Shílteá go bhfuil ceol annseo freisin. Ó tá bíonn ceól annseo go minic a deir an fear. Chuaidh siad isteach agus suidhe siad síos agus bhí an píopaire ag seinnim ceól agus ní raibh focal ann. Nuair a bhí an port thart fóghruigheadh do Tomás go gcaithfadh sé port a sheinnim. Thosuigh Tomás ag seinnim agus nuair a bhí sé ag seinnim an port chuala sé gáire acht ní fhaca sé duine ar bith. Acht nuair a bhí port críochnuighthe ag Tomás ní raibh teach ná píopaire ann, stop Tomás annsin agus ní raibh fhios aige ce'n taobh a racfadh sé leis an mbhóthar mór a fhághail mar bhí sé leis féin agus bhí a mheabhair caillte aige. Sa deireadh chuaidh sé amach ar an mbóthar mór annsin suidh sé síos ar thaobh an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. agents (~1)
      1. supernatural and legendary beings (~14,864)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Craith
    Gender
    Female
    Address
    Cregmore, Co. Galway
    Informant
    Padraig Ó Comáin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Cregcarragh, Co. Galway