School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- Location:
- Cregmore, Co. Galway
- Teacher: Cathal Ó Murchadha
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
- XML Page 186
- XML “Scéal”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)bhóthair agus thosuigh sé ag seinnim an ceól a bhí ag an píopaire sidhe ar fhaithcíos go gcaillfheadh sé é. Bhí bean Tomás in a suidhe agus nuair nach raibh Tomás ag teacht chuaidh sí amach agus chuala sí an ceól agus chuaidh sí go dtí an áit as ar tháinic an ceól agus fuair sí Tomás in a suidhe ar thaobh an bhóthair. Chuaidh siad abhaile annsin agus d'innis Tomás mar gheall ar an teach agus na píopaire sidhe a chonnaich sé an oidhche sin. Dubhairt sé le a bhean nach racfadh sé ar cuairt aon oidhche eile taréis sin. Diafruigh a bhean air ce'n ainm a bhí ar an port a bhí sé ag seinnim, Ó níl fhios agam a deir Tomás acht ceól sidhe a tughann na píopaire sidhe air. Ó Tá go maith mar sin a deir an bhean tá sé í n-am dul a codladh. Ní raibh Tomás i bhfaidh in a codhladh nuair a chuala sé torann ag an doras annsin cuir sé clúis air féin agus chuala sé an torann aríst. D'eirigh sé annsin agus d'oscail sé an doras go bhfeicfeadh sé cé bhí ann agus ní fhaca sé duine ar bith.
- Collector
- Áine Ní Craith
- Gender
- Female
- Address
- Cregmore, Co. Galway
- Informant
- Padraig Ó Comáin
- Gender
- Male
- Age
- 70
- Address
- Cregcarragh, Co. Galway