School: Creag Mór (Naomh Pádraig)

Location:
Cregmore, Co. Galway
Teacher:
Cathal Ó Murchadha
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 154

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0019, Page 154

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Creag Mór (Naomh Pádraig)
  2. XML Page 154
  3. XML “Caint agus Seanchas i dtaobh na hAimsire”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Cainnt agus Seancus í dtaoibhna h-aimsire lá bog é, seadh muis. Tá sé ag báisteach mar bheadh sé as béal soithigh. Tá cuma báisteach air. Tá droch uair air. Meas tú an gcrochfaidh sé. Tá sé ag sioch. Rinne sé sioch aréir. Tá sé ag cir seacha. Tá sioch mór amuigh. Tá sé ag séideadh seacha. Tá an báisteach ag teacht anuas in a sruthanna. Lá bog a bhí againn indé. Sílim go mbeidh an oidhche fluich. Is togha lá é buidheacas le Dia. Lá breágh gréine seadh é. Tá an lá cosamhail le lá Samhradh. Ta an grian ag spalpadh anuas. Meas tú an seasfaidh sé. Lá breágh seadh é. Sé seo an lá is fearr a bhí againn le coighcíse. Lá breágh brothallach a bhí indé. Tá an lá ag eirigh breágh anois? Tá agus is maith an rud é sin. Nuair atá an grian ag dul faoi má bhíonn dath buidhe-dearg ar an spéir bíonn báisteach air an aimsear. Nuair atá dath trom dearg ar na nealta sin cosamhlacht baisteach. Nuair a bhíonn dath liath buidhe ar an spéir um tráthnóna sin comhartha gaoithe. Nuair atá dath glas ar an
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. genre
      1. weather-lore (~6,442)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Ní Chraith
    Gender
    Female
    Address
    Cregmore, Co. Galway
    Informant
    Pádhraigh Ó Comáin
    Gender
    Male
    Age
    70
    Address
    Cregcarragh, Co. Galway