School: Cill Éinne (roll number 12340)

Location:
Cill Éinne, Co. Galway
Teacher:
Sr. P. Ó Domhnalláin
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 080

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0001, Page 080

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Cill Éinne
  2. XML Page 080
  3. XML “Scéal”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Bhí bean ann agus bhí triur inghean aice. Lá amháin tháinig fear ag an teach agus thug sé leis duine aca. Thug sé go dtí teach mór í agus dubhairt sé leí a dul isteach í ngach seomra acht aon seomra amháin. Thug sé eochrachaí dhi. D'imthigh sé annsin agus dubhairt sé léi go dtiocfhadh sé isteach aríst tráthnóna. Nuair a tháinig sé isteach tráthnóna d'fhiafruigh sé dí an raibh sí istigh í ngach seomra. Dubhairt sí go raibh acht aon seomra amháin. Dubhairt sé léi cé cuir fuil ar na eochrachaí agus dubhairt sé léi annsin go raibh sí istigh ann. Dubhairt sí nach raibh. "Bhí tú ann," adeir an fear agus mharbhuigh sé í. Chuaidh sé go dtí an teach aríst agus thug sé leis an duine eile. Thug sé go dtí an teach seo í. Agus thug sé na eochrachaí dí agus dubhairt sé léi a dhul isteach í ngach seomra acht aon seomra amháin. D'imthigh sé annsin. Nuair a tháinig sé isteach tráthnóna bhí sí ag dul amach as an seomra a dubhairt sé léi gan a dhul
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT0311: Rescue by the Sister
    Language
    Irish
    Collector
    Máire Ní Fhlaithbheartaigh
    Gender
    Female
    Informant
    Colm Seóigeach
    Gender
    Male
    Address
    Cill Éinne, Co. Galway